Sheol an scríbhneoir cáiliúil Roddy Doyle an togra scríbhneoireachta  'Fighting Words Chonamara' go hoifigiúil i nGaeltacht na Gaillimhe inniu. Tá beagnach 20 ionad ina mbíonn ceardlanna ar bun ag 'Fighting Words' ar fud na tíre cheana féin agus anois den chéad uair beidh siad á reachtáil i gceantar Ghaeltachta. 

Tá beagnach 30 leabhar scríte ag Roddy Doyle, The Commitments, agus the Snapper ina measc ach tá ana cháil air anois chomh maith mar gheall ar 'Fighting Words'.

Bhúnaigh sé an togra sin lena chara os cionn 10 mbliana ó shin mar gur theastaigh uaidh go mbeadh gasúir  á spreagadh chun tabhairt faoin scríbhneoireacht chruthaitheach.

Inniu thug Roddy Doyle cuairt ar Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc chun a thaithí a roinnt le daltaí Scoil Éinne,ón Spidéal i gContae na Gaillimhe agus chun éisteacht leis na scéalta a bhí á gcumadh acu mar chuid de 'Fighting Words Chonamara'. 

Bíonn pictiúir ag dul leis na scéalta nua-chumtha agus d'fhéadfá a rá go raibh samhlaíocht iontach ag gasúir an Spidéil.

Sé seo an chéad ceardlann atá ag ''Fighting Words'' i gceantar Gaeltachta agus tá súil go mbeidh ceardlanna 'Fighting Words' ar bun sna ceantair Ghaeltachta eile amach anseo.