Cúrsaí coiriúlachta agus cur chuige na bpáirtithe éagsúla na hábhair cainte is mó a bhí ag iarrthóirí toghchánaíochta inniu. Teastaíonn reachtaíocht nua le tabhairt faoin bhfadhb, a deir Fianna Fáil agus athbhreithniú ar chóras na gcúirteanna coiriúla an chloch is mó atá ar pháidrín Shinn Féin. 

Ba chóir go leagfaí béim níos mó sa chúirt choiriúil speisialta ar fhocal cheannfort sa Gharda síochána chun dul i ngleic le buíonta coirpigh an lae inniu, de réir polasaí coiriúila Fhianna Fáil, ar nós mar a deineadh le baill den IRA sa am atá caite. Deir an t-iarrthóir FF Jim O'Callaghan atá ag seasamh i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas gur minic go mbíonn eagla ar dhaoine fianaise a thabhairt faoi imeachtaí coiriúla, agus go gcaithfear reachtaíocht níos laidre a actú chun dul i ngleic leis an scéal. Tá iompar na mbuíonta coirpigh ag dul ó smacht, dar leis. Caithfidh iad siúd atá ag togáil drugaí ar bhonn sóisialta cuimhneamh go bhfuiltear ag cur leis an uafás agus leis an bhforéigean, a deir sé.

Idir an dá linn, sheol Comhaontas Glas a bpolasaí aeir chun dul i ngleic leis an ngearchéim aeráide. Deir iarrthóir Chomhaontas Glas atá ag seasamh i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar Meán, Peter Kavanagh, gur chóir srian a chur ar innill iompair agus togála taobh amuigh de scoileanna agus daltaí ag teacht agus ag fágála scoile, agus gur chóir go mbeadh cosc náisiúnta ar bhreolsaí a ghineann deataigh.

Beidh cur i bhfeidhm Sláintecare mar choinníoll idirbheartaíochta ag na Daonlathaigh Sóisialta má théann siad i gcomhrialtas le haon phairtí eile, a dúradh ag seoladh polasaí sláinte an pháirtí ar maidin.

Beifear ag faire go géar ag an deireadh seachtaine ar an gcéad pobalbhreith den olltoghchán, féachtaint cá sheasann na páirtithe éagsúla agus trí seachtaine stocaireachta fágtha acu.