Gearradh 4 bliana príosúin i gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe inniu ar fhear a rinne ionsaithe gnéis ar bhuachaill 11 bliain d'aois sa chathair i lár na n-ochtóidí. Níl sé ach dhá mhí ó chríochnaigh Anthony Spellman, 53 bliain d’aois, a mbíodh cónaí air in Ascail Mhic Aodha, i Mervue i nGaillimh, téarma 2 bhliain príosúin as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar bhuachaill 7 mbliana d’aois sna blianta céanna.

Le linn a thrialach i Mí na Samhna thug Anthony Spellman fianaise ar a shon féin. Mhaigh sé nár leag sé súil riamh ar an mbuachaill 11 bliain d'aois a d’ionsaigh sé idir 1984 agus 1986. Dúirt Spellman gur reathaí idirnáisiúnta a bhí ann a rinne ionadaíocht ar son na hÉireann i gcomórtaisí faoi aois agus go mbíodh sé i mbun traenála chomh minic sin nach raibh seans dá laghad ann go raibh aithne aige ar an ghasúr atá 46 bliain d’aois anois.

Fuair giúiré ciontach é i Mí na Samhna as 20 cúis d’ionsaithe mígheanasacha ar an ghasúr i dteach Spellman i Mervue i nGaillimh idir Meitheamh 1984 agus Eanáir 1986. Dúirt an gasúr i rith na trialach gur stop na hionsaithe nuair a bhog teaghlach Spellman go Sasana go tobann i 1986 leis an scannal a sheachaint. Bhí Spellman idir 18 agus 19 mbliana d’aois nuair a rinne sé na hionsaithe, 8 mbliana níos sine ná an gasúr.

Seo an dara ciontú ag Anthony Spellman as ionsaithe gnéis ar bhuachaillí beaga. I mBealtaine 2017 ghearr an Breitheamh Rory McCabe téarma príosúin 56 mí, go h-iomlán ar fionraí, air as ceithre chúis d’ionsaithe mígheanasacha ar bhuachaill 7 mbliana d’aois le linn an ama chéanna. Ach rialaigh Cúirt na nAchomharc Coiriúil i 2018 go raibh an breithiúnas ró-bhog agus ghearr siad an téarma 56 mí air arís agus d’ordaigh go gcaithfeadh sé 2 bhliain i bpríosún.

Sa chúirt inniu dúirt an fear ar d’ionsaigh Spellman é go bhfuil sé ciaptha ag na hionsaithe le blianta fada. Dúirt sé gur chaith sé a chuid déaga le h-ól agus le cearrbhachas go dtí gurbh éigean é a chur faoi chúram dochtúra. Chuir a chuid iompair as go mór do shaol a mhuintire. Mhéadaigh ar a chrá croí, a dúirt sé, nuair a rugadh a mhac féin 7 mbliana ó shin.

Dúirt an Sáirsint Evelyn Barrett leis an chúirt nár chomhoibrigh Spellman leis na Gardaí ar chor ar bith nuair a bhíothas á cheistiú, agus gur shéan sé gach ar cuireadh ina leith. Diúltaíonn sé glacadh le breith an ghiúiré.

Dúirt an Breitheamh Rory McCabe go raibh fianaise láidir ann gur réitigh agus gur mheall Spellman an gasúr sula ndearna sé na h-ionsaithe air. I bhfianaise chomh tromchúiseach is a bhí na cúiseanna ghearr sé 4 bliana príosúin air agus dúirt nach bhfaca sé go raibh féideartheacht ar bith ann a cheadódh cuid ar bith den téarma sin a chur ar fionraí.