Éistfear le hathchomharc atá tugtha ag duine de na buachaillí a ciontaíodh i ndúnmharú  Ana Kriégel in aghaidh a chiontaithe, i Mí Aibreáin. 

Anuraidh, gearradh téarma coinneála 15 bliain ar Bhuachaill B faoi dhúnmharú Ana le cead athbhreithniú a dhéanamh ar an bpianbhreith tar éis 8 mbliana.

13 bliain a bhí an bheirt bhuachaillí a ciontaíodh i ndúnmharú Ana Kriégel a bhí 14 bliain d'aois i Leamhcán i mBleá Cliath i Mí Bealtaine 2018.

Chinn an giúiré gurb é Buachaill B a mheall Ana Kriegel óna teach cónaithe chun dhul chomh fada leis an teach tréigthe i Leamhcán.