Tá Aontas Múinteoirí Éireann le dul i mbun stailce ar an 4ú lá Feabhra maidir le leithcheal pá. 

Tá 19,000 ball don Aontas i scoileanna dara leibheál, i gcoláistí breisoideachais, ag plé le hoideachas aosach agus in Institiúidí Teicneolaíochta agus in Ollscoileanna Teicneolaíochta. 

I ráiteas dúirt Uachtarán an TUI Seamus Lahart go bhfuil gach iarracht déanta acu réiteach a fháil ar an scéal seo ach níl aon rogha anois acu a deir sé ach dul i mbun gníomhaíocht stailce ar an ábhar. 

I Mí Dheireadh Fómhair, votáil baill den TUI 92% go 8% i bhfábhar dul i mbun gníomhaíochta tionsclaíoch, gníomhaíocht stailce san áireamh. 

Dúirt Aontas Múinteoirí Éireann go raghfaidís i mbun stailce i Mí Feabhra muna mbeifear tar éis teacht ar réiteach ar an scéal.