Tá an comhairleoir de chuid Shinn Féin Paddy Holohan curtha ar fionraí ón bpáirtí mar gheall ar ráitis a rinne sé faoi mhná ar a phodchraoladh. 

Tá sé ráite ag Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald go bhfuil na ráitis atá déanta ag Paddy Holohan millteanach, thar a bheith maslach agus gránna agus dúirt sí go raibh sí féin trína chéile go pearsanta mar gheall ar an méid a dúirt an comhairleoir Holohan. 

Is iar-throdaire MMA é Paddy Holohan agus rinne sé a chuid cainte ar phodchraoladh dá chuid. 

Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, go bhfuil nós imeachta dísiplíne anois ar bun.