Dúirt Pat the Cope Ó Gallchóir, Fianna Fáil ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin inniu go bhfuil tuairim phearsanta aige maidir le comhrialtas le Sinn Féin ach go gcaithfidh sé glacadh le polasaí a pháirtí ar an ábhar.

Dúirt sé go raibh an obair chéanna ar bun ag an dá pháirtí i ngach Dáilcheantar. 

Nuair a fiafraíodh do, an raibh dochar déanta do Fhianna Fáil toisc go raibh siad i gcomhrialtas le Fine Gael, dúirt Pat the Cope Ó Gallchóir go raibh go leor daoine taobh istigh de Fhianna Fáil míshásta leis. 

Mar fhreagra ar thuairimí Uí Ghallchóir, dúirt Pearse Doherty Shinn Féin go raibh sé ráite ag go leor Teachtaí taobh istigh de Fhianna Fáil go príobháideach agus roinnt acu go pobilí nach n-aontaíonn siad beag ná mór le seasamh cheannaire Fhianna Fáil Micheál Martin maidir le comhrialtas le Sinn Féin.

Dúirt Doherty go bhfuil seasamh Shinn Féin soiléir agus aibí agus go bhfuil siad sásta suí síos le gach páirtí agus neamhspleáigh i ndiaidh an olltoghcháin chun clár rialtais Poblachtánach a aontú.