Tá fiosrúchán ar bun ag Gardaí i gCorcaigh maidir le heachtra sáite inar maraíodh fear i gCathair Chorcaí. 

Cameron Blair, 20 bliain d'aois an té a maraíodh. B'as Béal na Scairte in Iarthar Chorcaí do agus bhí sé ina mhac léinn innealtóireachta in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí. 

Tuitgear gur tharla an eachtra ag cóisir tí a bhí ar siúl ar Bhóthar Dhroichead na Bandan nuair a bhris achrann amach timpeall ar 9.10pm aréir agus sádh an fear. Bhain sé an tsráid amach sula thit sé i laige. 

Cuireadh cóir leighis ar an bhfear óg ag an láthair agus tugadh go hOspidéal na hOllscoile Chorcaí é, áit ar bhásaigh sé. 

Bhí Cameron Blair ag cur faoi sa teach ar bhóthar Dhroichead na Bandan atá timpeall ciliméadar ó Chathair Chorcaí. 

Tuigtear go raibh tuairim is 20 duine sa teach ag an am nuair tharla an eachtra agus tuigtear gur bhris achrann amach nuair a diúltaíodh cead isteach sa teach do ghrúpa a bhí tagtha don gcóisir. 

Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhfuil aon eolas acu teagmháil a dhéanamh leo. 

Dúirt Uachtarán Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí Barry O' Connor go bhfuil pobal CIT trína chéile ag an mbás agus chuir sé a chomhbhrón ó chroí in iúl do mhuintir agus cairde Cameron. Dúirt sé go gcuirfí comhairleoireacht ar fáil do mhic léinn a bhí sa rang céanna le Cameron agus do mhic léinn uile na hInstitiúide.  

Bhíodh Cameron ag imirt rugbaí le Club Rugbaí Dhroichead na Bandan agus d'fhreastail ar Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan. 

I ráiteas inniu ó Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan, dúirt siad go bhfuil bás Cameron ag cur isteach go mór orthu sa scoil, go háirithe ar mhic léinn sna ranganna sinsearacha agus go raibh baill de theaghlach Cameron fós ar scoil ann. Chuir bainistíocht agus foireann na scoile a gcomhbhrón in iúl do theaghlach agus do chairde Cameron Blair.