Le Tomás Ó Mainnín

Tá éan róin as an Artach tógtha ón bhfarraige i gCo an Chláir. Meastar gurb í seo an chéad uair le breis agus céad bliain atá rón fáinneach ón Artach feicthe sa tír seo.

Tá an rón óg faoi chúram grúpa tarrthála rón anois nó go dtiocfaidh sí chuici féin.

Ar an trá i gCoillte in Iarthar an Chláir a fuarthas an rón. Bhí sí feicthe i gCiarraí chomh maith tar éis na Nollag

Ach de bharr í bheith chomh hóg agus leochaileach, agus borradh agus scríob ar chósta an iarthair, rinneadh an cinneadh í a tharrtháíl.

Cloudberry atá baiste uirthi, í ainmnithe as bláth san Artach.

Dúirt Sam Brittain, bainisteoir cúram sláinte an ghrúpa tarrthála, cé go raibh an rón an-lag nuair a tugadh ón bhfarraige í De Domhnaigh go bhfuil sí ag teacht chuici féin anois.

Dúirt Melanie Croce ón ngrúpa go raibh sé an-neamhchoitianta ar fad rón dá leithéid a fheiscint sa tír seo.

Dúirt sí go bhfuil os cionn céad blian caite ó bhí aon tagairt ann do rón fáinneach ar chósta na hÉireann agus b'in ceann a fuarthas marbh i gCo na Gaillimhe.

Meastar nach bhfuil an t-éan róin ach míonna d’aois agus níl aon phlean déanta fós faoi conas ná cén áit a scaoilfear léi arís.