D'éirigh leis na Gardaí stop a chur le goid uathmheaisín airgid as Banc na hÉireann ar an bpríomhshráid i nDún Léire i gCo Lú go moch ar maidin inniu.

Lean siad na gadaithe ach d'éirigh leo teitheadh thar an teorainn.

Tá inneall tochailte a húsáideadh san iarracht gadaíochta fós ar an láthair.

Rinneadh iarracht an t-uathmheaisín airgid sa bhanc seo a ghoid cheana i mí na Samhna.