Is é inniu an chéad lá ag polaiteoirí dul i mbun stocaireachta don olltoghchán a bheas ar bun ar 8 Feabhra, trí seachtaine ón Satharn seo chugainn.

Sheol Fine Gael agus Fianna Fáil a bhfeachtais toghchánaíochta inniu, agus bhí iarrthóirí Shinn Féin i mbun stocaireachta in iarthar Bhaile Átha Cliath.

Dúirt ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar, ag seoladh feachtas toghchánaíochta an pháirtí i monarcha CombiLift i gCo Mhuineacháin, go raibh sé sásta go raibh an ócáid ar siúl taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Tá an fhoireann cheart ag an bpáirtí, a mhaígh sé, leis an tír a chur chun cinn.

Leo Varadkar i Muineachán inniu

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin, ag seoladh fheachtas an pháirtí sin, go mbeidh siad ag iarraidh athruithe a chur i bhfeidhm agus go léireoidh siad cén chaoi a bhféadfadh rialtas dul i mbun oibre.

Bhí Micheál Martin i nDroichead Átha, Co Lú, tráthnóna, áit a raibh sé i mbun stocaireachta.

Micheál Martin ag seoladh fheachtas Fhianna Fáil

Fiafraíodh de cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald an raibh díomá uirthi go ndúirt Fine Gael, Fianna Fáil agus Lucht Oibre nach rachaidís i gcomhrialtas lena páirtí.

Dúirt sí go bhfuil "rogha ag an bpobal vótáil ar son an rialtais chéanna, sin Fine Gael agus Fianna Fáil, nó cur chuige difriúil a roghnú agus votáil ar son Shinn Féin."

Mary Lou McDonald i mbun canbhasála

Taobh amuigh de shuíomh an Phoill Bhig i mBaile Átha Cliath a chuir Páirtí an Lucht Oibre tús lena bhfeachtas siúd. Comhartha ar theip pholasaí tithíochta an Rialtais nár tógadh 3,500 aonad cónaithe ar an suíomh fós, dar leis an bpáirtí, ainneoin é a bheith i seilbh an Stáit.

Brendan Howlin ag suíomh an Phoill Bhig

"Más tír ghlas atá uait, vótáil  ar son na nGlasach" an mana bhí ag ceannaire Chomhaontas Glas Éamon Ryan ag seoladh a bhfeachtais siúd tráthnóna. "Cé go mbeidh sé dúshlánach córais na tíre as a iompú sa treo glas, tá toil ann a leithéid a dhéanamh anois," a dúirt sé.