Tá drochbhail san ospideál i mBaile Átha Cliath ar fhear a bhíonn ag codladh amuigh de bharr gortuithe a bhain dó nuair a thug feithicil leis an gComhairle Cathrach é féin agus an puball beag a raibh sé ann chun bealaigh.

Tharla an eachtra gar do Shráid Líosain ag thart ar am lóin inné.

Bhí an Chomhairle agus Uiscebhealaí Éireann i mbun oibre sa cheantar ag an am agus iad ag iarraidh an bealach siúil cois na Canálach Móire a ghlanadh.

Tugadh an fear chuig Ospidéal Naomh Uinseann, áit ar cuireadh obráid air.