Tá an t-iaririseoir agus láithreoir teilifíse in RTÉ Tom Kelly tar éis bháis.

Bhí Tom Kelly - nó Tomás Ó Ceallaigh - ag obair le RTÉ ar feadh beagnach tríocha bliain ina thuairisceoir nuachta, ina iriseoir ar na cláir Nationwide agus Captial D agus ina eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 go dtí go ndeachaigh sé ar scor roinnt blianta ó shin.

Ó shin, rinne sé máistreacht sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus chaith sé seal ag múineadh Gaeilge in Ollscoil UBO i mBrest sa Bhriotáin.

Bhí seal caite le deireanaí ina mhúinteoir agus ina mhac léinnn aige in Ollscoil Idaho sna Stáit Aontaithe.