Tá fear 32 bliain as Baile Átha Cliath le cur ar a thriail faoi dhúnmharú mná a bhásaigh tar éis ionsaí brúidiúil a rinneadh uirthi ina háras cónaithe i gCo Chill Mhantáin go gairid roimh an Nollaig.

Bhásaigh Nadine Lott, a bhí 30 bliain d'aois, in Ospidéal Naomh Uinseann ar 17 Nollaig trí lá tar éis an ionsaithe a tharla ina háit chónaithe san Inbhear Mór. 

An lá roimh a bás, cúisíodh Daniel Murtagh as Garrán Mhaolrosa i gCluain Dolcáin in ionsaí a dheánamh uirthi agus i ndíobháil thromchúiseach a dhéanamh di.

Cúisíodh é inniu i ndúnmharú Nadine Lott. Dúirt Garda sa chúirt nach ndúirt Daniel Murtagh aon ní nuair a cuireadh an chúis ina leith.

Cuireadh siar faoi choinneáil é agus d'iarr a aturnae go gcuirfí cúram síciatrach agus leighis ar fáil dó sa phríosún.