D'fhógair an Taoiseach Leo Varadkar gur Dé Sathairn 8 Feabhra a ghairmfear an t-olltoghchán. Chuaigh an Taoiseach go hÁras an Uachtaráin tráthnóna, mar ar iarr sé ar Uachtarán na hÉireann an 32ú Dáil a scor. 

Dúirt an Taoiseach gur mhór an onóir a bhí ann dó fónamh a dhéanamh don tír agus gur chóir dúinn mar náisiún a bheith dearfach faoina bhfuil i ndán dúinn. 

Mhaígh Leo Varadkar cé go raibh dul chun déanta ag an Rialtas nár leor é. Dúirt sé gur tráthúil an t-am é seo leis an olltoghchán a ghairm i bhfianaise na socruithe atá déanta faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus faoin rialtas díláraithe sa Tuaisceart.

Níos túisce inniu, phléigh an Taoiseach dáta an olltoghcháin lena chomhghleacaithe sa Rialtas ag a gcruinniú seachtainiúil.

An Dáil scortha ag an Uachtarán Michael D Higgins

Ina dhiaidh sin, chuir an Taoiseach an freasúra ar an eolas faoina raibh ar intinn aige.

Bhí sé ráite ar RTÉ arú inné aige go raibh an dáta socraithe aige ach nach bhfógródh sé go dtí go mbeadh sé pléite leis na hAirí Rialtais. 

Mhaígh an tAire Stáit um Gnóthaí Eorpacha Helen McEntee gur gairmeadh toghcháin ar an Satharn roimhe seo. Dúirt sí nach mbeadh ar scoileanna dúnadh agus go dtabharfadh sé deis do mhic léinn vóta a chaitheamh. Ní raibh olltoghchán ar an Satharn ón mbliain 1918.

Dúirt urlabhraithe Fhianna Fáil agus Shinn Féin go bhfuil siad ag tnúth go mór leis an olltoghchán. Is é Pearse Doherty as Gaeltacht Dhún na nGall atá ceaptha ag Sinn Féin mar stiúrthóir toghchánaíochta.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go mbeidh an páirtí sin ag díriú ar chúrsaí sláinte agus tithíochta agus ar an gcostas maireachtála le linn an fheachtais olltoghchánaíochta.

Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Brendan Howlin go raibh súil aige go n-éireodh i bhfad níos fearr leis an bpáirt san olltoghchán seo ná an uair dheireanach. 

Tá imní ar an bhfreasúra, áfach, nach mbeidh cead ag na mílte daoine vóta a chaitheamh mar gheall ar an dáta atá roghnaithe ag an Taoiseach. 

Ní thiocfaidh feidhm leis an gclár nua toghthóirí go dtí 15 Feabhra, seachtain tar éis an olltoghcháin. 

Dúirt Richard Boyd Barrett ó Phobal Seachas Brabús nach mbeidh ceart vótála ag na mílte daoine a chuir a n-ainmneacha ar an gclár sin. 

Dúirt Peadar Tóibín ón bpáirtí Aontú go mbeidh fiche iarrthóir ar a laghad á gcur chun cinn acu. Tá Aontú ar an bhfód le bliain.