Creidtear go n-iarrfaidh an Taoiseach Leo Varadkar ar Uachtarán na hÉireann tráthnóna an Dáil a scor agus go gcuirfear tús oifigúil leis an bhfeachtas olltoghchánaíochta.

Meastar gur Dé Sathairn 8 Feabhra a ghairmfear an t-olltoghchán. 

Phléigh an Taoiseach dáta an olltoghcháin lena chomhghleacaithe sa Rialtas ag a gcruinniú seachtainiúil ar maidin.

Ina dhiaidh sin, chuir sé an freasúra ar an eolas faoina raibh ar intinn aige.

Dúirt an Taoiseach ar RTÉ arú inné go raibh an dáta socraithe aige ach nach bhfógródh sé go dtí go mbeadh sé pléite leis na hAirí Rialtais. 

Mhaígh an tAire Stáit um Gnóthaí Eorpach Helen McEntee gur gairmeadh toghcháin ar an Satharn roimhe seo. Dúirt sí nach mbeadh ar scoileanna dúnadh agus go dtabharfadh sé deis do mhic léinn vóta a chaitheamh.

Dúirt urlabhraithe Fhianna Fáil agus Shinn Féin go bhfuil siad ag tnúth go mór leis an olltoghchán.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Brendan Howlin go raibh súil aige go n-éireodh i bhfad níos fearr leis an bpáirt san olltoghchán seo ná an uair dheireanach. 

Tá imní ar an bhfreasúra, áfach, nach mbeidh cead ag na mílte daoine vóta a chaitheamh mar gheall ar an dáta atá roghnaithe ag an Taoiseach. 

Ní thiocfaidh feidhm leis an gclár nua toghthóirí go dtí 15 Feabhra, seachtain tar éis an olltoghcháin. 

Dúirt an Teachta Dála Richard Boyd Barrett ó Phobal Seachas Brabús nach mbeidh ceart vótála ag na mílte daoine a chuir a n-ainmneacha ar an gclár sin.