Tá sé ráite ag Pálás Buckingham go mbeidh tréimhse ama ag teastáil ag Prionsa Harry agus a bhean chéile, Meghan Markle, sula seasfaidh siad siar mar bhaill shinsearacha den teaghlach ríoga.

Bhí cruinniú éigeandála ar siúl inniu idir Banríon Shasana, a mac, an Prionsa Charles, Prionsa Harry agus a dheartháir, Prionsa William.

Tháinig an cruinniú seo sna sála ar fhógra na seachtaine seo caite, inar dhúirt an Prionsa Harry go raibh sé féin agus a bhean chéile ag iarraidh saol neamhspleách a bheith acu ón teaghlach ríoga agus chuige sin, go mbéidís ag seasamh siar agus ag roinnt a gcuid ama idir Meirceá Thuaidh agus an Bhreatain.

Dúirt Banríon Éilís a Dó go raibh na cainteanna inniu "ana-fhiúntach"

Dúirt sí go raibh a teaghlach ag tacú le cinneadh Harry agus Meghan. Dúirt sí gurbh fhearr léi dá bhfanfaidís ina mbaill shinsearacha den teaghlach ríoga. Ach go bhfuil meas aici ar a gcinneadh.

Dúirt sí go raibh sonraí casta le hoibriú amach. Agus gur mar sin, go dtógfadh sé am agus go mbeadh "idirthréimhse" i gceist sula seasfaidís siar mar bhaill shinsearacha den teaghlach.