Níor chuir Stoirm Bhreandáin isteach ar chúrsaí i gCathair Chorcaí nuair a d'fhill na laochra Cormac Harris agus Alan O’Sullivan - Eolaithe Óga na Bliana - ar ais ar scoil ar maidin.

Tháinig daltaí Chólaiste Choilm le chéile i gCultúrlann na Scoile chun fáilte a cur rompu.

Seo é an dara huair lastigh de dhá bhliain a bhfuil an phríomhdhuais buaite ag Coláiste Choilm sa chomórtas.

Bhí Simon Meehan, buaiteoir Éolaí Óg na Bliana i 2018, i láthair chun fáilte a chuir rompu.

Bhí tionscnamh Chormaic agus Alan dírithe ar steiréitíopaí inscne i measc daltaí sa bhunscoil.

D’iarr siad ar leanaí idir cúig agus seacht mbliana d’aois ceisteanna a fhreagairt maidir leis na rólanna atá ag fir agus mná sa saol.

I gceist amháin, iarradh orthu pictiúr a tharraingt d’innealtóir - tharraing 96% de bhuachaillí fear. Tharraing 56% de chailiní bean.

Rachaidh Cormac agus Alan ar aghaidh anois go dtí an comórtas idirnáisiúnta, thar cheann na hÉireann, i Santander sa Spáinn i mí Mheán Fómhair.