Tá cailín óg, aon bhliain déag d'aois, a gortaíodh i dtimpiste bhóthair i mBaile Átha Cliath dé Sathairn tar éis bás a fháil san ospidéal.

Ní raibh ach gluaisteán amháin sa timpiste, a tharla ar Bhóthar Leamhcán Íochtarach ag 11:30am ar an Satharn.

Bhí drochbhail ar an gcailín in Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir ó tharla an eachtra, ach fuair sí bás níos tuisce inniu.

Gortaíodh deirfiúr léi, seacht mbliana d’aois, sa timpiste freisin.

Níor gortaíodh a n-athair, a bhí ag tiomáint an ghluaisteáin.

Tá na Gardaí i mbun fiosraithe agus tá siad ag iarraidh ar aon duine a chonaic aon rud, nó a bhfuil aon íomhánna ceamra acu, teagmháil a dhéanamh leo.