Dúirt Príomhaire na Breataine, Boris Johnson, gur cruinniú fiúntach a bhí sna cainteanna a bhí aige leis an Taoiseach, Leo Varadkar, inniu ag Stormont. Dúirt sé gur "lá dóchais" a bhí ann go Thuaisceart Éireann agus a muintir.

Bhí sé ag caint tar éis dó bualadh leis an Taoiseach, le Stát Rúnaí Thuaisceart Éireann, Julian Smith, agus le ceannairí an Tuaiscirt, Arlene Foster agus Michelle O'Neill.

Bhuail siad ar fad lena chéile inniu tar éis go roinnt na cumhachta a bheith curtha ar bun arís dé Sathairn.

Dúirt an Taoiseach gur lá iontach a bhí d’Éirinn agus don Ríocht Aontaithe mar go raibh Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm arís, agus an feidhmeannas ag feidhmiú arís in Stormont.