Phléadáil Gareth Brophy, atá cúig bliana 'is fiche d'aois ciontach sa Chúirt Choiriúil Speisialta inniu as cuidiú a thabhairt do bhuíon coiriúlachta Daithí Douglas a dhúnmharú ag siopa a mhná chéile ar Shráid Bhun Droichid i mBaile Átha Cliath.

Shiúil gunnadóir isteach agus scaoil sé chúig urchar le Daithí Douglas, a bhí 55 bliain d'aois, le linn dó a bheith ag tógáil sos le greim a ithe ag cúntair an tsiopa Shoestown ar 1 Iúil 2016.  Fógraíodh go raibh sé marbh san ospidéal taobh istigh de uair a chloig.  Lámhachadh é mar chuid den aighneas leanúnach idir bhuíontaí coiriúlachta Hutch agus Kinahan.  Ocht nduine dhéag ar fad atá maraithe san aighneas go dtí seo.

Bhain an gunnadóir an láthair amach agus theith sé in éineacht leis an tiománaí ina dhiaidh sin i ngluaisteán goidte den déanamh Mercedes a cuireadh ar thine sular aistrigh siad go gluaisteán eile a bhí goidte fosta.  Chuala an Chúirt inniu gurbh é Gareth Brophy a bhí ag tiomáint an chairr sin den déanamh Suzuki Swift.  Thángthas ar DNA leis agus ar lorg dá bhos sa charr agus bhí sé le feiceáil ar CCTV le linn don charr a bhealach a dhéanamh trasna Gheataí Mhuirfean i nDumhach Thrá.

Tá téarma príosúin saoil á chur isteach cheana fhéin ag an gceannaire droinge Freddie Thompson as Daithí Douglas a dhúnmharú agus tá téarma 6 bliana príosúin á chur isteach ag fear eile, Nathan Foley, as cabhair a thabhairt don bhuíon fosta.

Dúirt an Bhreitheamh Paul Coffee go ngearrfar pianbhreith ar Gareth Brophy an mhí seo chugainn.