Tá sé ráite ag Oifig na hAimsire go bhfuil Stoirm Bhreandáin ag leanúint na réamháisnéise a bhí déanta ina leith agus gur chóir go mbeadh sí glanta ón tír faoin iarnóin.

Bhí an ghaoth ag séideadh ar luasanna chomh hard le 130 ciliméadar san uair.

Tá 48,000 teach agus gnó fágtha gan cumhacht, a deir Bord Soláthair an Leictreachais. Deir siad go ndearnadh an chuid ba mhó den damáiste de bharr crainn atá titithe ar línte leictreachais. 'Siad Gaillimh, Luimneach, Ciarraí, Corcaigh agus Dún na nGall is mó atá thíos de bharr ghearradh leictreachais.

Cé go bhfuil maolú ag teacht ar an stoirm, tá súil leis an tarna babhta gaoithe in iarthar agus in iarthuaisceart na tíre tráthnóna.

Tá rabhadh gaoithe Stádas Óráiste i bhfeidhm i nDún na nGall, i nGaillimh, Liatrom, Maigh Eo agus Sligeach. Tá baol tuilte ar an gcósta de bharr taoidí arda agus na stoirme. Tá an rabhadh i bhfeidhm ó 2:30pm go dtí meánoíche.

Tá Cumann na nGluaisteán, an AA, ag cur fainic ar dhaoine a bheith go cúramach ar na bóithre agus crainn leagtha ar fud na tíre.

"Bí go cúramach freisin ó thaobh na ndaoine ar an mbóthar atá níos leochaillí, daoine ar ghluaisrothair agus ar rothair, mar shampla", a dúirt siad. "Bí ar d'airdeall go mb’fhéidir go gcuirfidh crosghaotha isteach ar an smacht atá agat ar do ghluaisteán. Ná tiomáin trí uisce mura bhfuil tú iomlán cinnte chomh domhain is atá sé."