Tá ainmniúchán Oscar faighte don ceathrú huair ag Saoirse Ronan, as an ról a bhí aici sa scannán Little Women.

Ainmníodh í roimhe seo do na scannáin Atonement (2008), Brooklyn (2016) agus Lady Bird (2018).

Tá sí ainmnithe sa gcatagóir "Banaisteoir is Fearr". Tá Cynthia Erivo (Harriet), Scarlett Johansson (Marriage Story), Charlize Theron (Bombshell) agus Renée Zellweger (Judy) ainmnithe sa gcatagóir chéanna

Beidh an searmanas ar siúl 9 Feabhra i Los Angeles.