Tá an Taoiseach, Leo Varadkar, agus Príomhaire na Breataine, Boris Johnson, ag dul go Stormont ar maidin, tar éis go roinnt na cumachta a bheith curtha ar ais ar bun ansin thar an deireadh seachtaine.

Tá súil go mbuailfidh Leo Varadkar agus Boris Johnson le Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt, Arlene Foster agus Michelle O'Neill.

Chuir Stát-Rúnaí Thuaisceart Éireann, Julian Smith agus an Tánaiste, Simon Coveney, moltaí chun cinn, a raibh na príomhpháirtithe ar fad sásta leo. Agus bunaithe ar na moltaí sin, chuaigh siad i mbun rialtais lena chéile dé Sathairn.

Tuigtear go mbeidh Julian Smith agus Simon Coveney i láthair in Stormont inniu freisin.

Bhí roinnt na cumhachta ar fionraí ó thuaidh le trí bliana anuas. Bhí easaontas maidir le stádas na Gaeilge ar cheann amháin de na príomhphointí a raibh coimhlint faoi le linn na dtrí bliana sin.

Ach tá sé molta anois go dtabharfaí aitheantas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart, go mbunófaí Oifig Choimisnéara Teanga agus go gcuirfí áiseanna aistriúcháin ar fáil. Tabharfar aitheantas oifigiúil don Ultais freisin.