Tá sé ráite ag Oifig na hAimsire go mbeidh "roinnt uaireanta d'aimsir chontúirteach" trasna na tíre inniu le linn Stoirm Bhreandáin. Bhí an ghaoth ag séideadh ar luasanna chomh hard le 100 ciliméadar san uair san iarthar.

Tá 48,000 teach fágtha gan cumhacht de bharr Stoirm Bhreandáin, a deir Bord Soláthair an Leictreachais 

Tá foláireamh Stádas Óráiste eisithe i ngach contae sa tír.

Beidh an stoirm ag bailiú nirt i rith an lae, dar le hOifig na hAimsire.

Tá rabhadh tuilte i bhfeidhm, a deir siad, agus tá baol ann go dtitfidh crainn agus go ndéanfar damáiste d’fhoirgnimh.

Is ar chósta an iarthair is mó a bheidh éifeachtaí na stoirme le feiceáil, ó Chiarraí go Dhún na nGall. Beidh an chuid is measa den stoirm in oirthear na tíre san iarnóin.

Beidh an foláireamh Stádas Óráiste maidir le Cúige Chonnacht, Dún na nGall agus Ciarraí i bhfeidhm go dtí 9pm anocht.

Don chuid eile den tír, beidh sé i bhfeidhm go dtí 3pm inniu.

Tá seirbhísí farantóireachta áirithe curtha ar ceal agus tá sé eitilt de chuid Aer Lingus ar ceal freisin.

Tá comhairle curtha ar phaisinéirí a gcuid sonraí a sheiceáil ar líne.