skip to main content

Craoltóir RTÉ Larry Gogan adhlactha inniu

Sochraid Larry Gogan inniu
Sochraid Larry Gogan inniu

Adhlacadh craoltóir aitheanta RTÉ Larry Gogan inniu. Cailleadh an dioscmharcach ag tús na seachtaine. Bhí sé 81 bliain d'aois.

Bhí aides-de-camp Uachtarán na hÉireann agus an Taoisigh Leo Varadkar i measc an tslua a bhí i láthair ag an Aifreann éagnairce i Séipéal Naomh Pius X i dTeach Mealóg i mBaile Átha Cliath.

Dúirt príomhcheiliúraí an Aifrinn Brian Darcy gurbh é Larry Gogan an dioscmharcach ab fhearr a bhí riamh ann. 

D'fhreastail Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes agus cathaoirleach bhord RTÉ Moya Doherty ar an tsochraid thar ceann na heagraíochta agus bhí Larry Mullen ó U2 i measc na gceoltóirí a bhí i láthair.  

Chaith Larry Gogan beagnach 60 bliain ag craoltóireacht agus is mar gheall ar a chuid oibre mar dhioscmharcach ar Raidió RTÉ, go háirithe 2FM, is mó a bhí aithne air.