skip to main content

Craoltóir aitheanta RTÉ Larry Gogan tar éis bháis

Tá craoltóir aitheanta RTÉ Larry Gogan tar éis bháis. Bhí sé 81 bliain d'aois.

Chaith Larry Gogan beagnach 60 bliain ag craoltóireacht agus is mar gheall ar a chuid oibre mar dhioscmharcach ar Raidió RTÉ, go háirithe 2FM, is mó a bhí aithne air.

Chaith sé 40 bliain ag déanamh na hoibre sin sula ndeachaigh sé go dtí an stáisiún RTÉ Gold anuraidh.

An lá deiridh a raibh sé ag obair ar 2FM, athraíodh ainm an stáisiúin go dtí Larry Gogan FM don lá mar aitheantas ar a chuid oibre.

Dúirt ceannasaí 2FM Dan Healy gurbh é Larry Gogan an dioscmharcach ab fhearr a bhí riamh ann, go raibh glór álainn aige, go raibh ceangal aige leis an lucht éisteachta agus go raibh grá aige don cheol.

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes gur "fíorfhoras náisiúnta" a bhí i Larry Gogan.

Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins go raibh tionchar an-mhór aige ar chúrsaí ceoil sa tír seo.

Bhásaigh bean chéile Larry - Florrie - sa bhliain 2002. Maireann a gcúigear clainne - Gerard, Orla, Gráinne, David agus Sinéad.