San Astráil, meastar go bhfuil cúig dhuine dhéag ar a laghad tar éis bháis agus tá na scórtha eile ar iarraidh mar gheall ar an loscadh mór in oirdheisceart na tíre.
Cé nach bhfuil sé chomh te ansin inniu agus a bhí le roinnt laethanta agus go bhfuil an ghaoth lagtha de bheagán, fós féin níl lucht fóirithinte in ann dul chomh fada le daoine atá sáinnithe in áiteanna i stáit New South Wales agus Victoria.
Tá an t-arm, an t-aerchór agus an cabhlach anois ag cuidiú le daoine atá ag iarraidh teitheadh ó na tinte.