Dúirt an Tánaiste Simon Coveney gur tús nua a bheas sa bhliain seo do chúrsaí polaitíochta sa Tuaisceart  agus go mbeifear ag súil le ceannaireacht agus flaithiúlacht ón gach aon taobh.

Cuirfear tús le cainteanna arís amárach faoi chathaoirleacht an Tánaiste agus Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Julian Smith féachaint le feidhmeanas Stormont a bhunú an athuair.

Tá foláireamh tugtha ag Julian Smith go ngairmeoidh sé toghchán nua comhthionóil mura mbeidh socrú déanta sna cainteanna faoi 13 Eanáir.

Dúirt na páirtithe ar fad sa Tuaisceart agus iad ag canbhasáil d'olltoghchán na Breataine an mhí seo caite go raibh siad ag iarraidh an feidhmeannas i Stormont a bhunú arís.

Tá trí bliana caite ó scoireadh an feidhmeannas de bharrr easaontais faoin gclár polaitíochta, Acht Gaeilge san áireamh.