Tá na mílte daoine sáinnithe ar thránna in oirdheisceart na hAstráile tar éis dóibh teitheadh ó thinte coille atá ag réabadh leo sa réigiún.
Os cionn 4,000 duine - idir thurasóirí agus dhaoine áitiúla - atá sáinnithe ar an gcladach i mbaile Mallacoota 526 ciliméadar ó dheas ó chathair Sydney mar gheall ar an loscadh mór. Cé gur baile beag é Mallacoota, tugann na mílte cuairteoirí aghaidh ar an áit aimsir na Nollag.
Tá tearmann faighte ag daoine ar thránna eile feadh an chósta freisin agus tá daoine eile ag teitheadh i mbáid.
Meastar go bhfuil go leor tithe agus ionad gnó sa réigiún scriosta ó aréir ag an loscadh agus níl aon tuairisc ar sheachtar.

Tá dianiarrachtaí ar bun ag na seirbhísí éigeandála dul i ngleic leis an dóiteán ach b'éigean dóibh éirí as uisce a dhoirteadh ón aer ar na lasracha i ngeall ar an teas fíochmhar.
Tá na tinte coille ag dó le roinnt míonna ach tá siad imithe i ndonas le deireanaí i ngeall ar an teas mór. Tá gaoth láidir á scaipeadh freisin.
Inné, iarradh ar 100,000 duine teitheadh ó chúig fho-bhaile i gcathair Melbourne.