Bhásaigh oibrí dóiteáin deonach san Astráil agus bhain gortaithe dó do bheirt oibrí dóiteáin eile nuair a d'iompaigh a mbriogáid dóiteáin bun os cionn nuair a bhuail gaoth ard í agus na fir dóiteáin ag iarraidh tinte foraoise a cheannsú.

Bhí na fir dóiteáin ag iarraidh tine mhór timpeall 70 ciliméadar soir ó Albury i New South Wales a cheannsú nuair a tharla an eachtra.
Bhí tuairim is 11 foláireamh i bhfeidhm i Stát Victoria, agus baol tinte ag cur isteach ar dheisceart na hAstráile agus Tasmania chomh maith.

Níos luaithe an mhí seo, maraíodh beirt fhear dóiteáin eile, Geoffrey Keaton agus Andrew O'Dwyer, nuair thit crann ar an mbriogáid dóiteáin agus iad ag iarraidh loscadh coille a cheannsú cóngarach do bhaile Buxton i New South Wales.
11 duine atá maraithe go dtí seo i loscadh coille na hAstráile agus tá suas le 3 mhilliún heicteár talún scriosta.