skip to main content

Milliún turcaí le hithe in Éirinn amárach - áisíneacht bia

Dúirt buistéirí go bhfuil a ngnó méadaithe i mbliana.
Dúirt buistéirí go bhfuil a ngnó méadaithe i mbliana.

Déanfar cocáireacht ar mhilliún turcaí in Éirinn amárach, dar le taighde atá déanta ag an áisíneacht bia Safefood.

Figiúr é seo a bhfágann gurb í Éire an ceathrú tír is mó ar domhain ina n-itear turcaithe.

Dúirt buistéirí i nGailimh le Nuacht RTÉ go bhfuil a ngnó méadaithe an Nollaig seo agus níos mó turcaithe díolta acu le hais blianta eile.

Dúirt Fiach Ó Béarra ó Bhuistéir Rodger Finnerty in Uachtar Ard go bhfuil daoine ag fanacht dílís don dhinnéar traidisiúnta ainneoin fás ar fheoilséanadh agus veigeánachas.

Measann Bord Bia gur feoilseántóirí iad ocht faoin gcéad den phobal -  duine as gach daréag.

"Tá custaiméirí nua ag teacht chugainn i gcónaí," a dúirt Donagh Healy ón ionad Bia Veigeáin & Veigeatóirí, 'The Bean Tree'. Thug sé le fios go bhfuil roinnt dá dtáirgí díolta amach acu ón lá inné.