Is de bhunadh Ghaeltacht na Rosann fear a bhain suíochán amháin don Pháirtí Náisiúnach in Albain, an SNP.

D'éirigh le Dave Doogan suíochán Aonghuis ón bpáirtí Caomhach, nuair a mheall sé 21,216 vóta, beagnach 50% den toghlach, leis an bhFeisire reatha Kirstene Hair a chur dá suíochán.

Innealóir eitleoireachta é Dave Coogan, agus d'oibrigh sé leis an Roinn Cosanta.

As Gort na Saghad, Ceann Caslach dá athair Jim agus is as an Ard Mhín i gCroithlí dá mháthair Annie.

Toghadh Dave Doogan ina chomhairleoir leis an SNP i dtoghcheantar Aonghuis i 2012 agus atoghadh é ina chomhairleoir sa bhliain 2017.