Tá fiosrúchán ar bun ag Gardaí Leitir Ceanainn faoi bhás fir ar an mbaile tráthnóna inné.

Chuir na Gardaí in iúl go raibh siad ag fiosrú cás ina bhfuair fear bás tobann ag árasán ar Bhóthar an Phiarsaigh ar an mbaile.

Bhí an fear sna tríochaidí.

Tugadh corp an fhir go Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn le scrúdú iarbháis a chur air.

Rinne na Gardaí caomhnú ar an láthair agus cuireadh trácht sa cheantar ar malairt cúrsa, beartais atá fós ar bun.