Tá sé deimhnithe ag an Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta nach mbeidh an promhadh deireanach déanta ar an mbille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigúla go dtí tráthnóna inniu agus nach dóigh go bhfoilseofar é go dtí amárach.

D'fhógair an Rialtas Dé Máirt go raibh an Bille ceadaithe agus tugadh le fios go raibh sé le foilsiú Déardaoin.

Cé nach raibh forálacha uile an Bhille sonraithe ag an Aire Stáit Seán Kyne Dé Máirt, rinneadh plé ar an sprioc a bheidh sa bhuille go mbeidh Gaeilge ag 20% de na seirbhísigh phoiblí a earcófar feasta.

Cuireadh fáílte roimh an mbeart seo ach cháin lucht an fhreasúra agus grúpaí in earnáíl na teanga an easpa spriocanna daingne agus amchláir a bhi luaite leis an earcaíocht.

"Gan spriocam agus gan spriocanna cinnte a bheith leagtha amach, ní oibreoidh sé", a dúirt an Teachta Dála Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív ag an am. "Tá go leor leor mianta léirithe ag rialtais éagsúla ar son na Gaeilge thar na blianta, ach 'siad spriocanna cinnte agus gníomh a theastaíonn anois", a dúirt sé.

"Ní fiú tráithnín aon athruithe mura bhfuil dáta ar leith luaite leo", a dúirt an Teachta Dala Aengus Ó Snodaigh  ó Shinn Féin.

Tá 8 mbliana ann ó cuireadh tús leis an bpróiseas leis an Acht a leasú.

Is é an phríomhaidhm atá leis an leasú go mbeidh seirbhísí i nGaeilge ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge trí chéile.