18 suíochán atá ag Tuaisceart Éireann i bpairlimint Westminster agus tá 102 iarrthóir san iomaíocht, rud a fhágfaidh 84 duine a mbeidh díomá orthu maidin amárach.

Fágann sin go bhfuil 6 iarrthóir, ar an meán i ngach toghcheantar.

Tá an iomaíocht níos géire i mBéal Feirste Thuaidh agus i mBéal Feirste Thoir áit nach bhfuil ach 3 iarrthóir ag seasamh.

Baile Loch Cuan (Strangford) é an togcheantar is líonmhaire iarrthóir agus 8 san iomaíocht ansiúd.

Faoi láthair tá 10 suíochán ag an DUP, 7 gcinn ag Sinn Féin agus ceann ag an Neamhspleách, Sylvia Hernon.

San olltoghchán mí an Mheithimmh 2017, chaill an SDLP a thrí shuíochán agus an UUP a dhá shuíochán.

Toradh cinniúnach don DUP é na 10 suíochán sin a thug cóimheá na cumhachta dóibh i Rialtas Theresa May, agus i Rialtas Boris Johnson ón samhradh.

Bhí an SDLP agus an UUP ar a ndícheall le chúig seachtaine ag stocaireacht chun na suíocháin sin a tharraingt ar ais, agus an dá pháirtí mór chomh gníomhach céanna chun iad a choinneáil.

Beidh faire ghéar á dhéanamh ar roinnt toghcheantar go háirithe:

  • Suíochán leascheannaire an DUP Nigel Dodds i mBéal Feirste Thuaidh atá faoi bhagairt ó John Finucane as Sinn Féin. Iarrthóir amháín eile atá ansiúd, Nuala McAlister an Alliance.
  • Claire Hanna ag iarrraidh Emma Pengelly an DUP a chur amach i mBéal Feirste Theas.
  • Colm Eastwood i nDoire ag thóir an tsuíchain a ghéill an SDLP do Elisha McCallion, suíochán a bhí acu ó sheas John Hume ann sna 70aí.
  • Ceannaireacht Shinn Féin ag súil nach ngéillfidh an páirtí aon suíochán inniu. Ó tháinig Mary-Lou McDonald agus Michelle O'Neill i gcomharbacht ar Adams & McGuinness, bhí sé ag dul dian orthu bua a fháil i dtoghcháin sa Phoblacht.
  • Naomi Long, ceannaire pháirtí an Alliance ag súil suíochán a bhí aici a ghnóthú ar ais.