Tá scuainí ag botháin vótála ar fud na Riochta Aontaithe faoi láthair agus daoine ag iarraidh vóta a chaitheamh sa tríú olltoghchán ansiúd in imeacht 4 bhliana.

D'oscail na botháin vótála ar oscailt ar fud na tíre ar a 7 ar maidin agus as seo go 10pm anocht, beidh cead vóta ag 46 milliún duine ann. 

Chaith Boris Johnson a vóta ag Methodist Central Hall i Westminster, áit ar thug sé a mhada, Dilyn mar chomhluadar. Vótóir luath é an Príomh-Aire agus é ag an ionad ar 8.15 ar madin.

In Islington i dtuaisceart Londain a chaith ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Jeremy Corbyn, a vóta, agus bhí an bhean chéíle in éineacht leis.

In Eanach Mór i gCo. Thír Eoghain a chaith Michelle O'Neill, ceannaire Stormont Shinn Féin a vóta ar maidin. 

In Achadh Lon i gCo. Fhear Meanach, a contae dúchais, a chaith Arlene Foster a vóta, ag an mbunscoil ansiúd.

Toghchán suntasasch é seo agus caidreamh na Breataine leis an Aontas Eorpach agus go deimhin leis an gcuid eile den domhain i dtuilleamaí ar an toradh.

Cúig seachtaine atá caite ag na páirtithe i mbun stocaireachta leis an bpobal, agus iad go tréan sna toghcheantair is mó a mheastar seans a bheith ann an feisire reatha a chur de dhroim seoil.

'Get Brexit Done', an mana seasta ag an Príomh-Aire agus na Caomhaigh agus Boris Johnson ag geallúínt go mbeidh sin déanta faoin 31 Eanáir seo chugainn.

'Vote for Hope' é vóta ar son Pháirtí an Lucht Oibre a deir ceannaire an pháirtí Jeremy Corbyn. Boris Johnson a choinneáil amach é aidhm na nDaonlathach Liobrálach trí vótáil bheartach.

In Albain, tá litir foilsite ag ceannaire an SNP, Nicola Sturgeon ina ndeir sí gurb é Boris Johson an bhagairt is mó ar Albain sa nua-aois.

650 Feisire a bheith tofa as vótáil an lae inniu, 18 díobh sin i dTuaisceart Éireann.

Foilseofar pobalbhreith Iarvótála  ar a 10 anocht, nuair a bheidh na botháin ar fad dúnta.