Tá feirmeoirí mairteola i mbun agóide 12 uair a chloig ag mórionad dáileacháin Tesco i nDomhnach Bat i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ón 7am.

Tá an agóid ar bun acu mar chuid dá bhfeachtas chun praghas níos fearr a fháil ar mhairteoil.

Tharla agóidí den mhacasamhail céanna i gCill Dara agus i gCorcaigh an tseachtain seo caite.

Leanfar leis na hagóidí go bhfaighfear toradh sásúil, a dúirt Cumann na bhFeirmeoirí.

I ráiteas, dúirt Tesco go bhfuil caidreamh maith oibre acu le Cumann na bhFeirmeoirí, go raibh cruinniú dearfach eatarthu le deireanas agus go bhfuil aiféal orthu go bhfuil an agóid tarlaithe.

Dúirt Tesco go dtacaíonn siad le hobair an Tascfhórsa Mairteola agus go gcreideann siad gurb é an mheicníocht chuí é chun deacrachtaí na hearnála  a chur ina gceart.