Tá cúig duine ar a laghad básaithe, 18 duine ar a laghad gortaithe agus tá daoine eile ar iarraidh tar éis do bholcán brúchtadh ar White Island sa Nua-Shéalainn.

Dúirt Póilíní na Nua-Shéalainne go bhfacthas suas le céad duine ag súil ar imeall an bholcáin sular réab sé.

Chuaigh deatach agus luaithreach 3,600 míle troigh san aer i ndiaidh a reabaithe.

Tugadh tarrtháil ar 23 duine. Tá turasóirí i measc na ndaoine atá ar iarraidh, a deir PríomhAire na Nua-Sheálainne Jacinda Ardern.

Turasóirí ó long crúsála ab ea slua mór de na daoine a bhí ar an oileán.

Deir seirbhísí éigeandála na Nua-Sheálainne go bhfuil gach iarracht a dhéanamh acu chun teacht orthu siúd atá ar iarraidh.

Tá White Island 50 ciliméadar ó Oileán Thuaidh na Nua-Shéalainne.