Tá cúig bliana go leith príosúin gearrtha ar fhear dóiteáin páirtaimseartha as tiomáint chontúirteach, go raibh bás fir, 27 bliain d'aois, mar thoradh uirthi.

Phléadáil Derek Keane – atá daichead bliain d’aois agus a bhfuil seoladh aige i Loch Sionnaigh, Na Sceirí – ciontach i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath.

Bhí sé curtha ina leith freisin nár chuir sé cúnamh ar fáil don bhfear a leagadh san eachtra agus phléadáil sé ciontach sa chúis sin chomh maith.

Tharla an eachtra ar 27 Nollaig, 2016 ar bhóthar an R128 idir Na Sceirí agus An Ros. Fuarthas Callum Grimes ar thaobh an bhóthair, agus é gortaithe go dona agus gan aithne gan urlabhra. Bhí sé tar éis a bheith ag siúl abhaile le cairde.

Fuair sé bás seacht mí i ndiaidh na heachtra in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath.

Tugadh fianaise sa gcúirt gur ól Derek Keane – gur leictreoir é ó ghairm – suas le cúig phionta dhéag roimh an eachtra. Dúirt sé leis na Gardaí nach raibh cuimhne ar bith aige ar an teach tábhairne a fhágáil ná ar an timpiste í féin.

Chuaigh Derek Keane i dteagmháil leis na Gardaí an lá dar gcionn tar éis dó a choisteáil go raibh timpiste ann agus tar éis dó a thabhairt faoi ndearna go raibh damáiste déanta dá ghluaisteán féin.

Dúirt dlíodóirí ar son theaghlach Callum Grimes go gcreideann siad go fóill go mbeadh a mac fós ina bheatha dá bhfaigheadh sé cúram leighis láithreach. Dúirt siad nach dtuigeann siad cén chaoi a bhféadfadh fear dóiteáin a raibh oiliúint pharaimhíochaine déanta aige láthair timpiste a fhágáil mar sin.