Tá Garda sinsearach curtha ar fionraí.

Bhí fiosrúchán ar bun maidir leis an ard-cheannfort seo, mar go raibh líomhaintí déanta ina choinne faoi bhulaíocht agus faoi chiapadh.

Ach tuigtear anois go bhfuil an fiosrúchán tar éis leathnú amach i réimsí eile agus tá Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána anois curtha ar an eolas faoi.

B'é Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, a thug a chead an t-ard-cheannfort a chur ar fionraí.

Dheimhnigh preasoifig na nGardaí inniu go raibh an Garda curtha ar fionraí. Ach dúirt siad nach raibh níos mó eolais ar fáil um an dtaca seo.