Tuigtear go RTÉ go bhfuil ceann amháin de na comhlachtaí próiseála feola is mór sa tír, An Grúpa ABP, le hardú a fhógairt ar an bpraghas a íocann siad as mairteoil.

Tá ardú praghsanna mairteola ar cheann amháin de na héileamh atá ag Cumann na bhFeirmeoirí, atá i mbun agóide an tseachtain seo ag mórionaid dáileacháin feola in áiteanna éagsúla.

Tá an Grúpa ABP faoi smacht Larry Goodman agus tuigtear go bhfuil siad leis an ardú praghais a dheimhniú níos deireanaí inniu.

Rinne an grúpa cáineadh géar ar Chumann na bhFeirmeoirí, ag rá nach raibh aon ghá leis na hagóidí mar go raibh gach comhartha ann go raibh ardú le theacht ar aon nós ar phraghas mairteola in Éirinn.

Dúirt Cumann na bhFeirmeoirí níos luaithe inniu gur ag iarraidh na brábúis ar fad a sciobadh a bhí na comhlachtaí próiseála feola agus na miondíoltóirí.