Tá téarmaí príosúin atá curtha ar fionraí gearrtha ar bheirt mhac de chuid an Teachta Dála Michael Healy-Rae, gur neamhspleách é.

Gearradh ocht mí ar fionraí ar an gcomhairleoir neamhspleách Jackie Healy-Rae agus gearradh seacht mí ar fionraí ar a dheartháir, Kevin. Ciontaíodh iad i gCúirt Dúiche Neidín maidir le hionsaí a dhéanamh ar fhear i Neidín i gContae Chiarraí thar thréimhse na Nollag, 2017.

Tá seoladh ag an mbeirt fhear i gCill Gharbháin.

Ciontaíodh an triú fear – Malachy Scannell, a bhfuil seoladh aige i gCIll Gharbháin chomh maith – maidir leis an eachtra freisin. Gearradh dhá théarma de shé mhí air siúd, ach cuireadh iadsan ar fionraí freisin.

Cuairteoir ón mBreatain a bhí sa bhfear a ionsaíodh.

Dúirt an Breitheamh David Waters go gcuirfí go príosún go cinnte iad an triúr acu, ach amháin nár ciontaíodh riamh in aon choir iad.