Tá foláireamh stádas óráiste eisithe ag Oifig na hAimsire i dtaca leis an ngaoth in ocht gcontae de bharr Stoirm Atiyah.

Tiocfaidh an stoirm ón Íoslainn go hÉirinn dé Domhnaigh agus beidh gaothanna láidre ag séideadh ar fud na tíre dá barr.

Idir 110 ciliméadar agus 130 ciliméadar in aghaidh na huaire a bheas na séideáin agus 'siad Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Sligeach, An Clár, Ciarraí agus Luimneach is mó a bheas buailte.

Beidh foláireamh tuilte i bhfeidhm maidir le ceantracha ar an gcósta.

Beidh an foláireamh i bhfeidhm idir 9am maidir dé Domhnaigh agus 6am maidin dé Luain.