Tá beagnach 215,000 páiste in Éirinn ag fanacht ar liostaí feithimh le haghaidh seirbhísí chúram leighis. Tá duine amháin as gach ceathrar ag fanacht le breis agus bliain anuas, de réir figiúirí atá feicthe ag RTÉ.

Léiríonn na figiúirí go mbraitheann an rochtain atá ag páiste ar sheirbhísí ar an áit a bhfuil cónaí air.

Tá 90,000 páiste ag fanacht ar sheirbhísí chúram leighis atá ar fáil sa phobal, mar shampla, teiripe urlabhraí agus teanga, nó míchumais eile lena bhfuil sé ríthábhachtach seirbhísí a chur ar fáil go luath i saol an pháiste.

Tá Baile Átha Cliath Thuaidh ar an áit is measa ó thaobh liostaí feithimh de. Tá 2,400 páiste ag fanacht ansin ar sheirbhísí pobail. Léiríonn na figiúirí go bhfuil 2,000 páiste ag fanacht le breis agus bliain agus 300 páiste le breis agus dhá bhliain.

I nDún Laoghaire, áfach, níl ach deichniúr ag fanacht ar theiripe urlabhraí agus teanga. Agus níl duine ar bith ag fanacht ar na seirbhísí sin i mBaile Átha Cliath Thoir Theas.

Tá 7,000 páiste agus déagóir ag fanacht ar choinne le síceolaí.

Tá 117,000 páiste ar liostaí ospidéil.

Rinne urlabhraí sláinte Fhianna Fáil, Stephen Donnelly, cáineadh géar ar na figiúirí ar maidin.