Cheadaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara 14 as 18 iarratais a rinneadh le feirmeacha oisrí a fhorbairt i mBá Bhaile an Easa agus i Machaire Rabhartaigh i gcontae Dhún na nGall.

Daoine áitiúla formhór iad siúd ar ceadaíodh a gcuid iarratais.

Chuir Coiste Sábháil Báigh Bhaile an Easa go láidir i gcoinne na n-iarratas ar na ceadúnais.

Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta é Bá Bhaile an Easa.

Dúirt Coiste Sábháil Báigh Bhaile an Easa go raibh siad go hiomlán in éadan aon fhorbairt ag Báigh Bhaile an Easa, in ainneoin go raibh feirmeacha sligéisc ag an chuid is mó de na daoine a rinne na hiarratais sa cheantar cheana féin. 

Shínigh breis agus 5,000 duine achainí i gcoinne na n-iarratas agus d'fhreastal thar 700 duine ar chruinniú poiblí faoin ábhar ar an Fhál Carrach níos luaithe i mbliana.

Deir Tionscal na Sliogéisc gur fiú €12 milliún an tionscal d’eacnamaíocht chontae Dhún na nGall.