Cuirfear isteach ar roinnt eitiltí de chuid Air Lingus agus Ryanair inniu mar gheall ar stailc atá ar bun ag oibrithe sa Fhrainc.

Tá stailc ar bun ag oibrithe mórthimpeall na tíre mar chuid den fheachtas atá ag na ceardchumainn i gcoinne leasaithe pinsin atá molta ag Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron.

Faoina leasaithe atá molta sa Fhrainc,  ní cheadófaí do dhaoine éirí as obair ag an aois atá aitheanta faoi láthair ó go bhféadfaidh ciorrú a dhéanamh ar a bpáighe.

Cuireadh turais traenacha, turais metro i bPáras agus eitiltí go leor ar ceal agus druideadh formhór na scoileanna sa Fhrainc mar chuid den stailc.

Níl sé socraithe ag na ceardchumainn cén uair a  chuirfear deireadh leis an stailc.

Tá PríomhAire na Fraince Edouard Philippe leis na leasaithe a fhórgairt ar an 12 Nollaig.