Vótáladh sa Dáil aréir go gceadófar do chomhlachtaí a eagraíonn biongó 75% dá dteacht isteach a íoc i nduaiseanna.

Bhí imní ann nach gceadófaí thar 50% de theacht isteach a íoc i nduaiseanna faoin Bhille um Chearrbhachas agus Crannchuir.

Arú inné, thug imreoirí biongó as áiteanna éagsúla sa tír faoi agóid taobh amuigh de Theach Laighean.

Dúirt siad go raibh hallaí biongó i mbaol dúnta mar gheall ar na hathraithe a moladh sa bhille nua ar chúrsaí cearrbhachais.

Ní hamhlaidh go mbeidh an baol sin ann anois i bhfianaise na leasuithe a vótáladh ar son sa Dáil aréir.

Níl aon athrú ar an dlí i gcás ócáidí biongó a bhfuil níos lú ná €5,000 le buachaint i nduaiseanna.