Tá feirmeoirí ag cur bac ar leoraithe feola dul isteach agus amach as mórionad dáileacháin Aldi i Nás na Rí i gContae Chill Dhara mar gheall ar phraghsanna mairteola.

Cumann na bhFeirmeoirí atá i mbun na hagóide a mhairfeas 12 uair a chloig.

Déanann Aldi earraí a dháileadh chuig a gcuid siopaí ar fud na tíre ón mhórionad dáileacháin i gCill Dara.

Deir Uachtarán Chumann na bhFeirmeoirí Joe Healy go bhfuil an méid a íoctar le feirmeoirí ar mhairteoil roinnt mhaith níos ísle ná an méid a íoctar le feirmeoirí sa Bhreatain agus san Eoraip.

Tá Cumann na bhFeirmeoirí ag cur i leith miondíoltóirí go bhfuil siad ag obair lámh ar lámh leis na monarchana próiseála.

I ráiteas le RTÉ, dúirt Aldi go bhfuil 'an-díomá' orthu faoi ghníomh Chumann na bhFeirmeoirí  agus deir siad go bhfuil siad sásta comhoibriú leis an Tascfhórsa Mairteola.

Dúirt Aldi gur chas siad le hionadaithe ón tascfhórsa agus go bhfuil athbhreithniú a dhéanamh acu ar an phróiseas oibre atá acu le soláthróirí.