Tá cinneadh déanta ag bord an chumainn sacair, an FAI, gan cuntais an chumainn a fhoilsiú go dtí amárach, lá níos deireanaí ná mar a bhí beartaithe.

Tá siad le foilsiú roimh an gcruinniú cinn bliana ag deireadh na míosa, cruinniú a bhí le hathghairm ó cuireadh an ceann deireanach ar atráth.

Tá roinnt fiosrúchán ar bun ar chúrsaí airgeadais an chumainn agus tá maoiniú an Stáit curtha ar fionraí.

Tá súil go léireoidh na cuntais sonraí faoi phacáiste scoir John Delaney, iar-phríomhfheidhmeannach an chumainn.

Inné, d’fhógair an comhlacht teileacumarsáide Three Ireland nach mbeadh an conradh urraíochta á athnuachan mí Iúil seo chugainn.

Tá an FAI ag sracadh le deacrachtaí airgeadais, agus meastar  fiacha de €50m bheith ann.